A dhuine uasail,
Bheinn ana bhuioch diot ach comhluadar na Gaeilge i do cheantar a chur ar an eolas faoin gcursa tumoideachais Ghaeilge a reachtalfar i mButte, Montana an samhradh seo idir 19 agus 26 Iul. Muinteoiri proifisiunta as Eireann a bheidh i bhfeighil na ranganna. Ta gach eolas faoin imeacht le fail ag http://www.irishmontana.com/ agus insa bhileog atathar a sheoladh chugat le cois na teachtaireachta seo. Seo an chead uair duinn i Montana ag tabhairt faoi thionscnamh den gcineal seo agus taimid ag brath ort agus ar ar gcomhleacaithe i ngluaiseacht na Gaeilge ar fuaid Mheiricea Thuaidh chun toradh a thabhairt. Ar doigh, ba mho na sasta a bheimis ardan a thabhairt d'aon imeacht do do chuid ag http://www.irishmontana.com/ ach na sonrai a chur chugam. Guim gach rath ort agus ar ghaeilgeoiri uile do cheantair.
Beir bua is beannacht,
Traolach O Riordain
The details below:
Montana Irish, Irish Immersion week 19 to 26 July
Cúrsa Tumoideachais sa Ghaeilgei mButte, Montana – 19 Iúl – 26 Iúl
For more information contact:
www.irishmontana.com
An immersion course in the Irish language and culture will be held this summer in Butte, Montana. This course is a non-credit course for all ages and focuses on imparting a conversational knowledge of Irish along with traditional music and the basic steps of the most popular Irish Céilí and set dances. • Classes begin at 9:00 and conclude at 5:00 with a break between 12:00 and 2:30 for lunch and recreational activity. • The evening program commences at 7:00 and varies from night to night to include dances, music and video presentations, talks and tours of the old town of Butte. • All classes are taught by professional teachers from Ireland with the aid of Irish language teaching assistants from The University of Montana [UM] Irish Studies program. • These young students have been learning Irish and how to teach the language as part of their course at UM. • If you interested in participating in this fun event, please go to www.irishmontana.com where you can learn more and sign up online.
Reachtálfar cúrsa tumoideachais i dteanga agus i gcultúr na Gaeilge an samhradh so i mButte, Montana.Is cúrsa neamhchreidiúnaithe é seo a fháiltíonn roimh gach aos is a dhíríonn ar labhairt na Gaeilge is ar bhunchéimeanna na rincí Gaelacha is mó le rá a thaispeáint don bhfoghlaimeoir.• Cuirfear tús le ranganna ar a 9:00 gach maidin, go gcríochnófar ar a 5:00 tráthnóna, le briseadh don lón is do chaitheamh aimsire idir 12:00 meán lae agus 2:30 i.n.• Is ag a 7:00 i.n. a thosnóidh imeachtaí na hoíche: clár ilghnéitheach de chéilithe, de cheol, de chainteanna,de shiúlóidí fé sheanbhaile Bhutte, is de chur i láthair fístéipeanna ar ghnéithe éagsúla de stair na nGael.• Múinteoirí cáilithe proifisiúnta as Éirinn a bheidh i bhfeighil an teagaisc, le cabhair ó chúntóirí teagaisc Ghaeilge as Clár Léinn na hÉireann in Ollscoil Montana. Tá na teagascóirí óga seo ag foghlaim na Gaeilge agus na modhanna is éifeachtaí chun a múinte le tamall de bhlianta anuas mar chuid dá gcúrsa léinn.
Más spéis leat páirt a ghlacadh san ócáid taitneamhach so, téigh chuig www.irishmontana.com mar a bhféad-tar tuilleadh eolais a fháil is clárú don gcúrsa.
If interested in being a sponsor of this event please contact Terry O’Riordan at (406) 544-0311
Showing posts with label Montana. Show all posts
Showing posts with label Montana. Show all posts
Monday, 26 May 2008
Gaeilge Montana... sounds like fun!
Posted by
The McCain
at
09:22
0
comments
Subscribe to:
Posts (Atom)
